An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá margadh aonair na hEorpa ar cheann de na rudaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Trí shaorghluaiseacht earraí, caipitil, seirbhísí agus saothair/daoine a ráthú, spreag sé fás eacnamaíoch agus is éasca atá saol laethúil ghnólachtaí agus thomhaltóirí na hEorpa a bhuí leis.
Is é is aidhm dó limistéar eacnamaíoch gan teorainn a chruthú inar féidir le daoine aonair agus gnólachtaí oibriú gan bhac, fás eacnamaíoch a chothú agus dul chun tairbhe do thomhaltóirí trí rogha mhéadaithe agus praghsanna níos ísle.
Áirítear sa mhargadh aonair 27 mBallstát den Aontas agus an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin (tríd an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch).

Fíricí faoin margadh aonair
Réimsí gníomhaíochta
Plean chun an margadh aonair a dhéanamh níos simplí, réidh agus láidir – lántairbhe a bhaint as ar mhaithe le daoine agus le gnólachtaí
Faigh amach faoin gcaoi a ndéanann an tAontas Eorpach é níos éasca d’earraí gluaiseacht faoi shaoirse, an tsábháilteacht a choinneáil ard agus an comhshaol a chosaint ag an am céanna
Foghlaim faoin gcaoi a bhfuil bacainní á mbaint ag an Aontas chun cabhrú le gnólachtaí seirbhísí a sholáthar thar theorainneacha
Plean nua chun rialacha an mhargaidh aonair a shimpliú agus maorlathas a laghdú
Aontas na margaí caipitil a thógáil chun cabhrú le gnólachtaí beaga agus chun an Eoraip a dhéanamh níos tarraingtí d’infheisteoirí
An margadh aonair a dhéanamh digiteach, le rialacha comhchoiteanna maidir le teileachumarsáid, cóipcheart, cosaint sonraí, agus tuilleadh
Na príomhnithe a baineadh amach
- Le breis agus 30 bliain anuas, chuidigh an margadh aonair chun an saol laethúil a dhéanamh níos éasca do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, rud a fhágann gur féidir le hearraí, seirbhísí, daoine agus airgead gluaiseacht gan bhac ar fud an Aontais.
- A bhuí leis an margadh aonair, is féidir le saoránaigh an Aontais dul ag staidéar, maireachtáil, dul ag siopadóireacht, ag obair agus ar scor in aon Bhallstát den Aontas agus tairbhe a bhaint as táirgí ó gach cearn den Eoraip.
- Is féidir le cuideachtaí cur lena gcuid oibríochtaí, agus le cuidiú na hiomaíochta, tagann ísliú ar phraghsanna agus bíonn rogha níos fearr ag tomhaltóirí.
- Chuir an margadh aonair ar chumas daoine san Aontas tairbhe a bhaint as praghsanna níos ísle, as níos mó nuálaíochta agus as forbairt theicneolaíoch thapa, agus as caighdeáin níos airde sábháilteachta agus cosanta comhshaoil.
- Cuireann an margadh aonair borradh faoi OTI, tacaíonn sé leis na milliúin post, agus cuidíonn sé leis an Aontas dul san iomaíocht ar fud an domhain trí infheistíocht a mhealladh agus slabhraí soláthair a neartú.
- Ó bunaíodh an margadh aonair siar in 1993, tá méadú 3-4 % tagtha ar OTI an Aontais agus chruthaigh sé 3.6 milliún post.
Sa spotsolas
Chomhaontaigh institiúidí an Aontais an Treochlár ‘Aon Eoraip Amháin, Aon Mhargadh Amháin’ a sheoladh lena gcuideofar chun clár oibre iomaíochais an Aontais a chur chun cinn. Shínigh Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an treochlár, agus leagtar amach ann gníomhaíochtaí agus spriocanna nithiúla le haghaidh comhaontuithe faoi dheireadh 2027 ar a dhéanaí, rud a chuirfidh borradh faoi fhás eacnamaíoch na hEorpa. Go háirithe, leagtar síos sa treochlár spriocanna do thograí reachtacha agus do chomhaontú na gcomhreachtóirí, iad sin agus athbhreithnithe ráithiúla chun monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 24 Aibreán 2026