An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Oibríonn an tAontas go dlúth lena chomhpháirtithe sa Mheánmhuir Theas chun rathúnas, cobhsaíocht agus slándáil chomhroinnte a chur chun cinn. Tosaíocht straitéiseach don Eoraip i gcónaí is ea ár gcomhpháirtíochtaí a neartú le tíortha na hAfraice Thuaidh, an Mheánoirthir agus na Murascaille. Chun tacú leis an obair sin, tá Ard-Stiúrthóireacht thiomnaithe cruthaithe ag an gCoimisiún.
Táimid ag déanamh dul chun cinn bunaithe ar an gcomhar praiticiúil a théann chun tairbhe do chách, ó theagmháil idir daoine agus na geilleagair a neartú, go borradh a chur faoin bhforbairt inbhuanaithe, agus an athléimneacht chomhpháirteach. Chun an méid sin a bhaint amach, tugann an Coimisiún raon réimsí beartais le chéile agus tacaíonn sé le tíortha comhpháirtíochta leis an saineolas teicniúil agus leis an tacaíocht airgeadais trí ionstraimí an Aontais.
Deich dtír comhpháirtíochta atá i gceist leis an gcomhar leis an Meánmhuir Theas, mar atá: an Ailgéir, an Éigipt, an Iordáin, Iosrael, an Libia, an Liobáin, Maracó, an Phalaistín*, an tSiria agus an Túinéis. Thairis sin, cumhdaítear le hobair an Aontais na tíortha i réigiún na Murascaille (sé thír i gComhairle Comhair Stáit Arabacha na Murascaille – Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, an Araib Shádach, Bairéin, Catar, Cuáit agus Óman – chomh maith le hÉimin, an Iaráic agus an Iaráin), agus tá rannpháirteachas ann lena ndírítear ar an trádáil, infheistíocht, nascacht, agus comhpháirtíochtaí teicneolaíochta glaine agus comhpháirtíochtaí fuinnimh in-athnuaite.

Príomhfhigiúirí
Réimsí gníomhaíochta
Creat nua comhair don teagmháil idir daoine, chun na geilleagair a neartú, agus don tslándáil ar fud na Meánmhara agus níos faide i gcéin
Comhpháirtíochtaí déthaobhacha lena ndírítear ar infheistíocht, trádáil, fuinneamh, imirce agus tuilleadh nach iad
Creat straitéiseach atá ceaptha chun cobhsaíocht, slándáil agus rathúnas eacnamaíoch a chothú san Afraic Thuaidh agus sa Mheánoirthear
Neartú a dhéanamh ar chomhpháirtíochtaí le páirtithe leasmhara réigiúnacha chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chur chun cinn ar fud an réigiúin i gcoitinne agus san Eoraip
Comhpháirtíocht réamhbhreathnaitheach níos dlúithe a fhorbairt le tíortha an réigiúin, Comhaontuithe Comhpháirtíochta Straitéisí san áireamh
Infheistíocht a spreagadh, tacú le tionscadail bhonneagair, aistrithe fuinnimh, nó oidhreachta cultúrtha i réigiún na Meánmhara
Na príomhrudaí a baineadh amach
- Le tionscadail Global Gateway sa Mheánmhuir Theas, a fhaigheann tacaíocht ó phacáiste airgeadais €7 mbilliún ón Aontas, slógadh infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha €30 billiún faoi fhómhar 2025, is é sin 2 bhliain roimh an sprioc sceidealaithe. Táthar ag cur feabhas ar shaol daoine le cábla fomhuirí digiteach Medusa agus le gléasraí díshalannanaithe uisce ar mhórscála.
- Is é an tAontas an soláthraí cúnaimh sheachtraigh is mó don Phalaistín* – chuir sé €1.36 billiún ar fáil le haghaidh 2021-2024 agus €1.6 billiún le haghaidh 2025-2027. San áireamh sa tacaíocht tá cúram sláinte, oideachas agus seirbhísí sóisialta do dhídeanaithe Palaistíneacha, agus rochtain ar uisce agus ar fhuinneamh, chomh maith le tuarastail do státseirbhísigh.
- In 2014 bunaíodh Ciste Iontaobhais Réigiúnach an Aontais mar fhreagairt ar an ngéarchéim sa tSiria (Madad) chun freastal ar riachtanais chriticiúla níos mó ná 5 mhilliún dídeanaí ón tSiria. I gcaitheamh na 10 mbliana ó tháinig Madad ar an bhfód, cuireadh €2.38 billiún ó dheontóirí, Ballstáit an Aontais ina measc, isteach i 129 dtionscadal ríthábhachtacha chun seirbhísí bunúsacha a chumhdach do 11 mhilliún duine i ngátar.
- Tugann an tAontas tacaíocht do mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus d’fhiontraithe ar mná iad sa réigiún trí rochtain ar mhaoiniú. Tá fo-iasachtaí dar luach níos mó ná €1.4 billiún dáilte ag Ciste SANAD a thacaíonn le breis agus 445,000 post i réigiún na Meánmhara Theas agus san Afraic.
- Faoi Erasmus+, tacaíodh le 24 thionscadal fothaithe acmhainneachta sa ghairmoideachas agus sa ghairmoiliúint i réigiún na Meánmhara Theas idir 2022 agus 2025, rud a spreag forbairt shocheacnamaíoch inbhuanaithe sa réigiún.
- Le linn ghéarchéim sláinte COVID-19, chuir an tAontas tacaíocht os cionn €2.3 billiún ar fáil do thíortha i réigiún na Meánmhara Theas. Rinneadh cláir chomhair an Aontais a oiriúnú chun tacú le córais sláinte náisiúnta le trealamh cosanta, oiliúint agus cúnamh ospidéil.
Sa spotsolas
Is ag réigiún an Mheánoirthir agus na hAfraice Thuaidh atá cuid de na hacmhainní fuinnimh in-athnuaite is flúirsí agus is iomaíche ó thaobh costais de dá bhfuil ann ar domhan. Trí leictreachas a ghiniúint ó chumhacht na gaoithe agus na gréine ar mhórscála, beidh an réigiún seo ina chroílár don aistriú fuinnimh timpeall na Meánmhara. Meastar gur acmhainneacht os cionn 2,300 GW atá aige, rud atá a dhá oiread níos mó ná an toilleadh suiteáilte atá ag an Aontas faoi láthair, ar léiriú é ar scála straitéiseach na faille sin.
Is é is aidhm don tionscnamh T-MED bua triarach a chur ar fáil don réigiún:
- forbairt shocheacnamaíoch chuimsitheach trí infheistíocht, cruthú luacha, forbairt scileanna, agus cruthú post
- níos mó slándáil fuinnimh agus níos mó iomaíochas tionsclaíoch trí fhuinneamh éagsúlaithe inacmhainne in-athnuaite
- dícharbónú luathaithe trí leictreachas ó fhoinsí fuinnimh in-athnuaite, hidrigin in-athnuaite, cur in úsáid na teicneolaíochta glaine, agus eangacha trasteorann.
* Ní dhéanfar an t-ainmniú sin a fhorléiriú mar aitheantas do Stát na Palaistíne agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát i leith na ceiste sin.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 27 Bealtaine 2026