An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá athrú ó bhonn á dhéanamh ag an intleacht shaorga (IS) ar an eolaíocht agus ar an gcaoi a n-oibríonn gnólachtaí, agus tá seirbhísí poiblí á n-athmhúnlú aici. De réir mar a dhéantar dul chun cinn ar an intleacht shaorga, is féidir níos mó buntáistí a chur ar fáil léi do shaoránaigh agus do ghnólachtaí ar fud na hEorpa.
Tá an tAontas tiomanta a bheith ar na ceannairí domhanda san intleacht shaorga feasta. Chun é sin a bhaint amach, táimid ag cur tionscnaimh i bhfeidhm a bhaineann leas as acmhainneacht neamhshaothraithe ár dtaighdeoirí agus ár dtionscal agus a thacaíonn le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna Eorpacha.
Ag an am céanna, tá sé ríthábhachtach gur athrú chun feabhais a bheidh san intleacht shaorga. Sin an fáth a bhfuilimid ag obair chun intleacht shaorga iontaofa a fhorbairt san Eoraip. Intleacht shaorga a thugann tús áite do dhaoine agus a chosnaíonn ár gcearta bunúsacha.

Fíricí agus figiúirí
Réimsí gníomhaíochta
An chéad dlí domhanda maidir leis an intleacht shaorga, rioscaí a bhainistiú agus borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa
Bealach a leagan síos chun ceannaire domhanda a dhéanamh den Eoraip san intleacht shaorga iontaofa
Iomaíochas na n-earnálacha straitéiseacha a fheabhsú
Moil ina dtugtar an ríomhaireacht, na sonraí agus an tallann le chéile le haghaidh IS iontaofa
An tAontas ar thús cadhnaíochta sa taighde agus sa nuálaíocht eolaíoch atá á stiúradh leis an intleacht shaorga
Tacú le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna Eorpacha agus iad ag forbairt IS iontaofa
Na príomhrudaí atá bainte amach
- In 2024 chuir an tAontas an chéad chreat dlíthiúil cuimsitheach ar domhan maidir le IS i bhfeidhm, is é sin an Gníomh um an Intleacht Shaorga, lena leagtar síos na caighdeáin le haghaidh IS iontaofa agus dhuinelárnach. Chun a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm go rianúil é, sheol an Coimisiún Deasc Freastail an Ghnímh um an Intleacht Shaorga agus Ardán Faisnéise Aonair an Ghnímh um an Intleacht Shaorga i mí Dheireadh Fómhair 2025.
- Bunaíodh an Oifig Eorpach Intleachta Saorga i mí na Bealtaine 2024 chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú comhleanúnach an Ghnímh um an Intleacht Shaorga a chinntiú, agus chun forbairt agus glacadh theicneolaíochtaí IS san Eoraip a chur chun cinn freisin.
- Tar éis phacáiste nuálaíochta IS 2024, tá tús curtha leis an obair ar 19 monarcha IS ar fud 16 Bhallstát, agus meastar go mbeidh a bhformhór sin ag feidhmiú faoi dheireadh 2026. Leis na monarchana IS sin, tabharfar le chéile sár-ríomhairí de chuid an Aontais, acmhainní móra sonraí, saoráidí oiliúna, ollscoileanna, gnólachtaí nuathionscanta agus caipiteal daonna chun timpeallacht nuálaíochta chumhachtach a chruthú a sháraíonn teorainneacha na teicneolaíochta. Ag an am céanna, neartóidh 13 aeróg monarchan IS chomhlántacha éiceachórais intleachta saorga náisiúnta agus leathnóidh siad rochtain ar acmhainní sár-ríomhaireachta IS-bharrfheabhsaithe ar fud na hEorpa.
- Dhréachtaigh saineolaithe neamhspleácha an Cód Cleachtais um IS ilchuspóireach chun cuidiú leis an tionscal cloí le ceanglais an Ghnímh um an Intleacht Shaorga ó thaobh IS ilchuspóireach de. D’fhaomh an Coimisiún an cód sin agus spreagann sé na heagraíochtaí cloí leis mar léiriú go gcomhlíonann siad na ceanglais.
Sa spotsolas
Tá an Pacáiste um Cheannasacht Theicneolaíoch na hEorpa curtha chun cinn ag an gCoimisiún Eorpach chun acmhainneacht na hEorpa a neartú maidir le leathsheoltóirí, an intleacht shaorga (IS), an néalríomhaireacht agus foinse oscailte. Cuideoidh sé leis an Eoraip a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh na hintleachta saorga de, a neamhspleáchas digiteach a neartú, agus todhchaí dhigiteach níos inbhuanaithe a fhorbairt. Ba cheart go gcuirfeadh na bearta nua sin dlús leis na hiarrachtaí chun cuspóirí an Phlean Gníomhaíochta um Mór-roinn na hIntleachta Saorga a bhaint amach, agus ag an am céanna ba cheart go gcuirfidís le tionscnaimh eile amhail an Compás Iomaíochais agus an Straitéis Slándála Eacnamaíche.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 3 Meitheamh 2026