An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá timpeallacht chasta slándála os comhair an Aontais Eorpaigh. I ngeall ar shochaithe oscailte agus dul chun cinn teicneolaíoch, is éasca atá sé do sceimhlitheoirí, d’antoiscigh fhoréigneacha agus do ghníomhaithe bagartha oibriú thar theorainneacha, leas a bhaint as éagothromaíochtaí sóisialta agus eacnamaíocha, agus a mbealach a dhéanamh idir an saol fisiciúil agus an saol digiteach.
Go leor cineálacha coireachta, gáinneáil ar dhaoine, mí-úsáid ghnéasach leanaí agus gáinneáil ar dhrugaí ina measc, is ar líne a tharlaíonn siad anois nó éascaítear iad trí mhodhanna digiteacha. Mar thoradh air sin, baineann gné dhigiteach le formhór na n-imscrúduithe coiriúla.
Chun freagairt ar na dúshláin sin agus chun sochaithe slána a chothú, tá béim leagtha ag an Aontas ar an gceann is fearr a fháil ar an gcibearchoireacht, ar an sceimhlitheoireacht agus ar an radacú, ar an gcoireacht eagraithe agus ar an gcoireacht airgeadais.
I mí Aibreáin 2025 chuir an Coimisiún i láthair ProtectEU – an Straitéis Eorpach um an tSlándáil Inmheánach, ina leagtar amach na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí do na blianta atá le teacht chun Eoraip níos sábháilte agus níos sláine a chinntiú.
Cuimsítear an méid seo a leanas ar réimsí tosaíochta agus ar ghníomhaíochtaí Straitéis ProtectEU:
- Feasacht mhéadaithe ar bhagairtí chun rioscaí slándála a réamh-mheas ar bhealach níos fearr
- Borradh a chur faoi chumais forfheidhmithe dlí
- Athléimneacht a chothú i gcoinne bagairtí hibrideacha
- An choireacht thromchúiseach agus an choireach eagraithe a chomhrac
- Sceimhlitheoireacht a chomhrac
- Rannpháirtíocht i ndáil leis an tslándáil dhomhanda
Oibríonn an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit agus le gníomhaireachtaí an Aontais chun déileáil le cineál casta agus trasteorann na coireachta eagraithe. Cinntítear leis an gcur chuige sin go leanfaidh an tAontas de bheith ar an airdeall, de bheith athléimneach agus de bheith in ann a shaoránaigh a chosaint i ndomhan atá ag athrú go tapa.

Fíricí faoin tslándáil inmheánach
Réimsí gníomhaíochta
Faigh amach faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag gníomhú chun gáinneáil a chomhrac agus chun beatha daoine a chosaint
Gáinneáil ar airm thine agus na bagairtí nua a bhaineann léi a chomhrac
Foghlaim faoin gcaoi a bhfuil an comhrac i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí á chomhordú ag an Aontas
Foghlaim faoin gcaoi a bhfreagraíonn an tAontas ar bhagairtí coiriúla, maoiniú na sceimhlitheoireachta san áireamh
Faigh amach faoi chreat dlíthiúil an Aontais chun leanaí a chosaint agus mí-úsáid ghnéasach leanaí a chosc
Tionscnamh arb é is aidhm dó iarrachtaí an Aontais i gcoinne an radacaithe a neartú
Foghlaim faoin gcaoi a bhfuil comhar i bhforfheidhmiú an dlí á dhéanamh níos tapúla, níos sábháilte agus níos éifeachtaí ag an Aontas
Faigh amach faoin gcaoi a bhfuil an tAontas ag dul i ngleic leis an gcibearchoireacht trí dhlíthe, comhar trasteorann agus maoiniú
An chaoi a gcuidíonn taighde slándála an Aontais leis an eolas agus na huirlisí is gá a fhorbairt chun dul i ngleic le bagairtí atá ag teacht chun cinn
Na príomhéachtaí
- In 2024, mar thoradh ar an gcomhar trasteorann i bhforfheidhmiú an dlí a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, sainaithníodh 4,985 íospartach gáinneála, gabhadh 846 gháinneálaí amhrasta, seoladh 869 n-imscrúdú agus urghabhadh brabús coiriúil €4.6 milliún.
- Comhghuaillíocht na gCalafort Eorpach agus a comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí a seoladh in 2024, chuir sí dlús leis an gcomhrac i gcoinne na gáinneála ar dhrugaí, rud atá ar cheann de na bagairtí slándála is tromchúisí atá roimh an Eoraip sa lá atá inniu ann.
- Ó mhí an Mheithimh 2022 ar aghaidh, leis an Rialachán maidir le hÁbhar Sceimhlitheoireachta ar Líne, ceanglaítear ar gach ardán ar líne a thairgeann a gcuid seirbhísí san Aontas ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas laistigh d’uair an chloig tar éis fógra a fháil ina leith. Cuidíonn an fhreagairt thapa sin chun saoránaigh a choinneáil slán ó ábhar neamhdhleathach agus chun radacú ar líne a chosc, agus cinntíonn coimircí láidre ag an am céanna go gcosnaítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus rochtain ar fhaisnéis go hiomlán.
Sa spotsolas
Leis an mí-úsáid mhéadaitheach a bhaintear as teicneolaíochtaí nua, tá athmhúnlú á dhéanamh ar ghníomhaíocht sceimhlitheoireachta, agus tá méadú ag teacht ar an spriocdhíriú ar mhionaoisigh agus ar an radacú a dhéantar orthu ar líne. Ag an am céanna, déanann forbairtí geopholaitiúla timpeallacht na bagartha níos measa fós. Chun freagairt ar na forbairtí sin, tá sraith nua beart molta ag an gCoimisiún chun an sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac mar chuid de straitéis slándála inmheánaí ProtectEU. Is é is aidhm do na gníomhaíochtaí sin freagairt na hEorpa ar bhagairtí sceimhlitheoireachta agus antoisceacha foréigneacha atá ag teacht chun cinn a threisiú, bagairtí a thuar, radacú a chosc, daoine a chosaint ar líne agus sa timpeallacht fhisiciúil, agus feabhas a chur ar fhreagairtí ar bhagairtí agus ar ionsaithe ina measc.

Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 28 Bealtaine 2026