Jump to content

SpaceX

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaSpaceX
(en) Space Exploration Technologies Corp. Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálaerospace manufacturer (en) Aistrigh
gnó
launch service provider (en) Aistrigh
cuideachta phoiblí (2026–) Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíDelaware corporation (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh14 Márta 2002, El Segundo Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaitheoir(í)Elon Musk Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Táirgeautonomous spaceport drone ship (en) Aistrigh, SpaceX Draco (en) Aistrigh, Dragon (en) Aistrigh, Falcon (en) Aistrigh, Kestrel (en) Aistrigh, Merlin (en) Aistrigh, Octagrabber (en) Aistrigh, Raptor (en) Aistrigh, Starhopper (en) Aistrigh agus SuperDraco (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stocmhalartán(NASDAQ SPCX) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú (2025–)
Príomhoifigeach feidhmiúcháinElon Musk (2002–) Cuir in eagar ar Wikidata
Líon fostaithe22,000 (2026) Cuir in eagar ar Wikidata
ÚinéirElon Musk (85.1%). Cuir in eagar ar Wikidata
Fochomhlacht
Úinéir de
Táscaire eacnamaíoch
Cothromas iomlána2,573 M$ (2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Ioncam iomlán18,674 M$ (2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Glanbhrabús−4,937,000,000 $ (2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Sócmhainní iomlána92,079 M$ (2025) Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinspacex.com Cuir in eagar ar Wikidata

luach ar iarraidh X: SpaceX Instagram: spacex LinkedIn: spacex Youtube: UCtI0Hodo5o5dUb67FeUjDeA Cuir in eagar ar Wikidata

Comhlacht aeraspás is ea Space Exploration Technologies Corporation, nó SpaceX de ghnáth (SPCX). Bhunaigh an fiontraí Elon Musk an comhlacht sa bhliain 2002 (is é Elon Musk an t-úinéir do Tesla).

SpaceX-4 Falcon 9, 2014
SpaceX Starbase 2026
Físeán: NASA SpaceX Misean Crew-10, 2025

Sa bhliain 2021, chuir Space X an chéad fhoireann de spásairí neamhghairmiúla chuig an spás le haghaidh trí lá ag dul timpeall an domhain.[1] Bhí ceathrar paisinéirí san iomlán, idir mhná agus fhir. Nuair a tháinig na spásairí ar ais chuig an domhan, thug Elon Musk $20 milliún d’Ospidéal St Jude do pháistí, mar chomhartha buíochais. Bhí an turas an-chostasach, thart ar $28 milliún, agus costasach don timpeallacht chomh maith.

D’athraigh SpaceX stair mhargaí an domhain in 2026. Bhailigh an comhlacht $75 billiún sa tairiscint phoiblí thosaigh is mó riamh, ag praghas $135 in aghaidh na scaire. Dhún an stoc ag $161 ar an gcéad lá, ag brú na luachála thar $2.1 trilliún agus ag déanamh trilliúnaí de Elon Musk den chéad uair riamh, ar feadh píosa ar aon nós. Choinnigh Musk féin 85% den vóta trí struchtúr dé-aicme, rud a fhágann an bord beagnach gan chumhacht.[2]

Measann an comhlacht seirbhísí airgeadais Morningstar nach bhfuil ach $780 billiún d’fhíorluach ann, níos lú ná leath phraghas an mhargaidh. Tá easnamh carntha $41.3 billiún ar an gclár comhardaithe, den chuid is mó mar gheall ar mheascán $250 billiún le xAI in 2026.

Níl ach Starlink brabúsach; gnóthaigh sé $11.4bn in 2025. Bhí an chuid eile, lainseálacha agus IS, fós ag dó airgid in 2026. Gheall Musk gurb iad ionaid sonraí san fhithis spáis an chéad mhórbheart eile.[2]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. maynoothuniversity.ie/ (27 Meán Fómhair 2021). "Eleathanach 389". Dáta rochtana: 2021.
  2. 1 2 Pádraig de Burca (2026-06-19). "SpaceX, an bhoilgeog $2 thrilliún?" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2026-06-21.