Scríobhann Laura Ní Aoidhne faoin dul chun cinn suntasach maidir leis an nGaeilge i mBéal Feirste le déanaí.
I ndiaidh blianta fada d'fheachtasaíocht agus de phlé polaitiúil, tá céim shuntasach chun cinn déanta i leith infheictheacht na Gaeilge i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste.
Den chéad uair riamh, tá comharthaí tráchta agus marcanna bóthair dátheangacha le feiceáil ar chuid de Bhóthar na bhFál mar chuid de scéim phíolótach atá curtha i bhfeidhm ag an Roinn Bonneagair. Áirítear orthu comharthaí lánaí bus, srianta páirceála agus eolas tráchta i nGaeilge agus i mBéarla.
Is forbairt shuntasach í seo i gceantar a bhfuil ról lárnach aige in athbheochan na Gaeilge le blianta fada anuas. Tá Ceathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste aitheanta mar lárionad cultúrtha agus teanga, áit a bhfuil líon mór scoileanna, eagraíochtaí agus gnólachtaí Gaeilge lonnaithe.
Ní raibh sé éasca an chéim seo a bhaint amach. Le blianta beaga anuas, tá conspóid pholaitiúil tagtha chun cinn arís agus arís eile maidir le comharthaíocht dhátheangach i mBéal Feirste.
Anuraidh, mar shampla, cuireadh £150,000 ar leataobh chun comharthaíocht dhátheangach a chur i bhfeidhm ag Mórstáisiún Lárnach Bhéal Feirste. Cháin an DUP agus roinnt grúpaí dílseacha an cinneadh agus lorg siad comhairle dlí, ag maíomh gur ábhar conspóide a bhí ann agus nár cheart don Aire Bonneagair, Liz Kimmins ó Shinn Féin, dul ar aghaidh leis an mbeart.
We need your consent to load this rte-player contentWe use rte-player to manage extra content that can set cookies on your device and collect data about your activity. Please review their details and accept them to load the content.Manage Preferences
Bhí conspóid chomhchosúil ann nuair a ceadaíodh maoiniú chun comharthaí sráide dátheangacha a chur in airde i gCeathrú Ghaeltachta Bhéal Feirste. Dúirt Ian McLaughlin ón DUP ag an am gur fhág an Ghaeilge "tráma" ar dhaoine áirithe, agus mhaígh sé féin agus baill eile den DUP agus den UUP gur cineál "brandáil chultúrtha" a bhí sa tionscnamh. Rinneadh damáiste do chuid de na comharthaí nua freisin go gairid i ndiaidh iad a chur suas.
In ainneoin na conspóide, tá fáilte curtha roimh an scéim phíolótach ag lucht feachtasaíochta Gaeilge a d’oibrigh leis an Roinn Bonneagair chun í a thabhairt chun críche. Dar leo, is céim thábhachtach í a thugann aitheantas níos feiceálaí don Ghaeilge sa spás poiblí agus a léiríonn an ról atá aici i bhféiniúlacht agus i saol pobail an cheantair.
Dúirt an tAire Bonneagair, Liz Kimmins, go léiríonn an tionscnamh tiomantas na Roinne do na dualgais atá uirthi faoin gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus do chur chun cinn na Gaeilge.
Anois tá Forbairt Feirste agus Conradh na Gaeilge ag iarraidh go leathnófaí an scéim chuig sráideanna eile sa Cheathrú Ghaeltachta. Tá maoiniú de £150,000 curtha ar fáil don tionscnamh sin, agus tá sé mar chuid d’infheistíocht níos leithne i gcur chun cinn na Gaeilge i mBéal Feirste.
Tá na forbairtí seo ag teacht sna sála ar Acht na Féiniúlachta agus na Teanga (Tuaisceart Éireann) 2022, a thug aitheantas reachtúil don Ghaeilge, a bhunaigh oifig an Choimisinéara Gaeilge agus a leag bunús do chaighdeáin nua maidir le húsáid na Gaeilge ag údaráis phoiblí.
Dúirt an chéad Choimisinéir Gaeilge, Pól Deeds: "Tá ról an-tábhachtach le himirt ag údaráis phoiblí i bpleanáil agus i gcosaint na teanga, go háirithe agus na dualgais nua reachtaíochta agus gealltanais an rialtais maidir le cur chun cinn na Gaeilge á gcur i bhfeidhm."
Má éiríonn leis an scéim phíolótach, d’fhéadfadh sí a bheith mar mhúnla do chomharthaíocht dhátheangach in áiteanna eile i dTuaisceart Éireann sna blianta amach romhainn.