Is deis ar leith duitse an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh cuidiú a thabhairt chun an tAontas Eorpach a mhúnlú trí iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach dlíthe nua a mholadh. Ar 1 mhilliún síniú bailí a bheith bailithe le haghaidh tionscnaimh, cinnfidh an Coimisiún cén ghníomhaíocht is gá a dhéanamh. Féach conas a oibríonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, céim ar chéim
Dá mba mhaith leat tionscnamh a thosú, féach leat Fóram an Tionscnaimh Eorpaigh ó na Saoránaigh chun comhairle dhlíthiúil agus phraiticiúil a fháil.
An nuacht is déanaí

Inniu ghlac an Coimisiún Eorpach a fhreagra ar an 14ú tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh ar éirigh leis: ‘Stad de chluichí físeáin a scriosadh’ Bhailigh an tionscnamh os cionn 1.29 milliún síniú bailí ó shaoránaigh ar fud an Aontais Eorpaigh agus bhain sé amach na tairseacha ba ghá i 24 Bhallstát.

An 1 Meitheamh 2026, chuir an Coimisiún Eorpach i láthair an treochlár i dtreo deireadh a chur de réir a chéile leis an tástáil ar ainmhithe le haghaidh measúnuithe sábháilteachta ceimiceán, mar fhreagairt ar an tionscnamh ’Coinnítear na cosmaidí saor ó chruálacht – Tugtar gealltanas go mbeidh an Eoraip saor ón tástáil ar ainmhithe’.

An 19 Bealtaine 2026 chláraigh an Coimisiún dhá thionscnamh Eorpacha ó na saoránaigh maidir le cosaint na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras.

